Fáilte go Cló Beo

Tá Cló Beo, scéim idirghníomhach le scríbhneoireacht chruthaitheach sa Ghaeilge a spreagadh i measc scoláirí na hidirbhliana, á reáchtáil ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge i gcomhar leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus le hIonad Oideachais na Carraige Duibhe i mbliana.
                                        
Is scéim í seo a thabharfaidh deis do scoláirí a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus ríomhaireachta a fhorbairt agus beidh siad in ann a gcuid oibre a roinnt le scoileanna eile agus leis an bpobal, beo ar an idirlíon!

 

Scríbhneoireacht ar líne do dhaltaí na hidirbhliana!

Logáil isteach

Beidh rogha ag rannpháirtithe idir stiallghreannáin agus ghearrscéalta a chumadh lena gcomhscoláirí. Cuirfear an t-ábhar ar shuíomh idirlín de réir mar a bheidh na saothair á gcur i gcrích. Cuideoidh an taithí seo leo a gcuid scileanna scríbhneoireachta a chur chun cinn agus beidh deiseanna ann forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna comhoibrithe san obair ghrúpa freisin. Cothóidh Cló Beo samhlaíocht agus cruthaitheacht agus tabharfar an deis do na scoláirí a bheith ina bhfíor údair!
 
Is deis iontach an scéim seo dóibh siúd atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin teicneolaíocht agus nasc a dhéanamh le daltaí i gceantair éagsúla timpeall na tíre. Beidh lucht féachana agus éisteachta leathan nua ag na scoileanna agus beidh siad in ann a gcuid tuairimí a roinnt ar bhlag an tsuímh.

Beidh tairbhe le baint ag múinteoirí agus ag scoláirí araon as an scéim seo mar go bhfeicfidh siad a gcuid smaointe ag forbairt agus go mbeidh toradh a gcuid oibre le feiceáil beo ar líne ar deireadh. 

Gheobhaidh gach dalta a ghlacann páirt teastas rannpháirtíochta agus bronnfar duais ar chuid de na saothair ag ócáid bhronnta i mí Bealtaine 2011. 

© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

  • logo comhar
  • logo gaeilge
  • logo blackrock
  • logo foras