Táimid ag freastal ar Ardscoil Rís i nDroim Conrach i mBaile Atha Cliath. Tá an scoil suite ar Ascaill Uí Ghríofa, BAC 9. Is scoil lán-bhuachaillí í. Tá timpeall cúig chéad dalta ag freastal ar an scoil. Tá timpeall cúig mhúinteoir is tríocha ag múineadh inti freisin. Is scoil an-deas í, dar linn. Tá a lán spórt ar siúl sa scoil: cispheil, peil ghaelach, leadóg boird, iománaíocht agus galf ina measc. Bíonn a lán buachaillí páirteach sna foirne: tá siad ar fheabhas! Tá a lán áiseanna timpeall na scoile freisin, mar shampla: carrchlós, páirc peile, halla spóirt, halla staidéir, leabharlann, oifig an phríomhoide agus seomra caidrimh. D’fhreastail a lán daoine cáiliúla ar ár scoil freisin: Keith Andrews, Keith Duffy agus Ciaran Whelan. Is aoibhinn linn Ard Scoil Rís!
Daniel & Neil
Déanaimid staidéar ar na gnáthábhair, cuir i gcás: Mata, Béarla, Fraincis, Gaeilge, Stair, Staidéar gnó, Eolaíocht agus Tíreolaíocht. Ach, bímid ag plé le hábhair dhifriúla san Idirbhliain freisin, mar shampla: Rúiseach, Adhmadóireacht, Ealaín, Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí (ECDL), Gearmáinis, Damhsa, Ganaíodóireacht, Ceol, Cócaireacht agus Capoeira. Tá sé go hiontach. Tá neart tionscadal le déanamh againn i ngach ábhar. Beimid ag damhsa “Smooth Criminal” agus tá tionscadal ealaíne againn freisin- déanfaimid seó puipéad ag deireadh na bliana. Tá na hábhair go han-mhaith agus is deis iontach í an Idirbhliain aghaidh a thabhairt ar réimse leathan ábhar mar chuid den chúrsa seo. Déanaimid an tionscadal”Emmanuelle Project” sa rang ceol agus is cinnte go bhfuilimid ag déanamh an- dul chun cinn sa rang cócaireachta. Níl ocras orainn i mbliana! Is fíor le rá go bhfuil na hábhair san Idirbhliain go han-mhaith.
le Colm, Sam agus Colum
Dán - An Dán Mór
Stiallghreannáin
| Na Simpsons | Aquaman | i Carly |
 | | |
| Athair Mairiceánach | Futurama | Rugrats |
 |  |  |
Leabhair Eolais
Nathanna Cainte Le Daragh | Turais scoile Ardscoil Rís |
 |  |