A chara, míle fáilte romhat chugat! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as ár suíomh. Bí i dteagmháil linn má tá seans, ceist nó tuairim ar bith agat!
Rang na hIdirbhliana 09 -10
An Scoil
Táimid ag freastal ar Ardscoil Rís i nDroim Conrach i mBaile Atha Cliath.
Tá an scoil suite ar Ascaill Uí Ghríofa, BAC 9.
Is scoil lán-bhuachaillí í.
Tá timpeall cúig chéad dalta ag freastal ar an scoil.
Tá timpeall cúig mhúinteoir is tríocha ag múineadh inti freisin.
Is scoil an-deas í, dar linn.
Tá a lán spórt ar siúl sa scoil: cispheil, peil ghaelach, leadóg boird, iománaíocht agus galf ina measc.
Bíonn a lán buachaillí páirteach sna foirne: tá siad ar fheabhas!
Tá a lán áiseanna timpeall na scoile freisin, mar shampla: carrchlós, páirc peile, halla spóirt, halla staidéir, leabharlann, oifig an phríomhoide agus seomra caidrimh.
D’fhreastail a lán daoine cáiliúla ar ár scoil freisin: Keith Andrews, Keith Duffy agus Ciaran Whelan.
Is aoibhinn linn Ard Scoil Rís!
Daniel & Neil
Na hÁbhair
Déanaimid staidéar ar na gnáthábhair, cuir i gcás: Mata, Béarla, Fraincis, Gaeilge, Stair, Staidéar gnó, Eolaíocht agus Tíreolaíocht.
Ach, bímid ag plé le hábhair dhifriúla san Idirbhliain freisin, mar shampla: Rúiseach, Adhmadóireacht, Ealaín, Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí (ECDL), Gearmáinis, Damhsa, Ganaíodóireacht, Ceol, Cócaireacht agus Capoeira.
Tá sé go hiontach. Tá neart tionscadal le déanamh againn i ngach ábhar.
Beimid ag damhsa “Smooth Criminal” agus tá tionscadal ealaíne againn freisin- déanfaimid seó puipéad ag deireadh na bliana.
Tá na hábhair go han-mhaith agus is deis iontach í an Idirbhliain aghaidh a thabhairt ar réimse leathan ábhar mar chuid den chúrsa seo.
Déanaimid an tionscadal”Emmanuelle Project” sa rang ceol agus is cinnte go bhfuilimid ag déanamh an- dul chun cinn sa rang cócaireachta. Níl ocras orainn i mbliana!
Is fíor le rá go bhfuil na hábhair san Idirbhliain go han-mhaith.
le Colm, Sam agus Colum
