Coláiste Stratford

 Col iste Stratford

Is coláiste co-oideachais é Coláiste Stratford. Tógadh é ‘sna caogaidí mar choláiste a fhreastalódh ar riachtanais oideachais an phobail Giúdach. Na laethanta seo, áfach, tá daltaí ó gach áit agus de gach creideamh againn. Gnáthdhaltaí na háite is mó a fhreastalaíonn ar an gcoláiste anois. Is deas an rud é iad a fheiceáil ag siúl ar scoil gach maidin.

 

Tá réimse leathan ábhar scoile againn – na gnáth cinn, i dteannta le roinn ceoil agus ealaíne den scoth. Gan dabht tá tús áite ag an teicneolaíocht sa scoil. Cispheil an spórt is mó a imrímid, ach bíonn go leor spóirt eile ar siúl freisin – leadóg snámh, gailf, haca, rugbaí (tip) rásaíocht, lúthchleasaíocht, sacar agus sciáil. Dar ndóigh bíonn turas scíála againn gach geimhreadh.

 

An aidhm is mó atá ag an gcoláiste ná forbairt an dalta, ar leibhéal acadúil, sláintiúil agus sóisialta a chothú. Spreagaimid na daltaí chun imeachtaí carthanais a reáchtáil agus chun obair deonach a dhéanamh, go háirithe san Idirbhliain. Gach bliain bailíonn na daltaí na mílte euros ar son eagruithe carthanais. Spreagaimid co-oibriú agus neamhspleáchas araon, agus cuirtear an bhéim i gcónaí ar chearta agus meas an duine, i ngach gné den saol.

 

Is scoil an bhríomhar é Coláiste Stratford agus gach seachtain bíonn turais do áiteanna éagsúla nó urlabhraí nó grúpa (dráma is a leithéid) ag teacht chugainn. Bíonn Seachtaine Eolaíochta, Seachtain Ealaíne, Lá Ilchultúrtha, Lá Leabhar, Seachtain na Gaeilge, agus imeachtaí mar tráthanna ceist , díospóireachtaí, comórtais scríbhneoireachta, filíochta   agus gearrscannán, ar siúl sa scoil gach bliain.

 

Déanaimid ár seacht ndícheall aon tallann a bhíonn ag na daltaí a fhorbairt agus a chothú. Tá ceoltóirí, amhránaí, ealaíontóirí, aisteoirí, damhsóirí, scríbhneoirí, agus imreoirí spóirt den scoth sa scoil. Tá cór álainn againn freisin.

 

Thar aon ní eile is ionad foghlamtha muid ina bhíonn gach seans ag na daoine óga inár gcúram a dtualangacht a bhaint amach in atmaisféar  sona, té, sábháilte, spreagúil, agus cairdiúil.

 Pauline Ivers

 

 

Ár Scannán

Get the Flash Player to see this video.
 

An Scannán

By An Idirbhliain Monday, 11th April 2011 | 2 comments
Filed under: Scannán.

Categories


© 2013 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords
Image