Coláiste Wesley
Bunaíodh Coláiste Wesley sa bhliain 1845 ar Fhaiche Stiabhna. Tá an Choláiste bogtha ó shin agus tá sí suite anois i mBaile an tSaoir in aice le sléibhte Bhaile Átha Cliath. Scoil Mhodhach chomhoideachais chónaithe is ea í.
Seo thíos ár gcuid Saothair.
Timpist
Le Daniel, Fiona, Neil, Rebecca agus Ross
Maidin fhuar a bhí ann agus bhí gaoth nimhneach ag séideadh. Bhí mé agus mo rang i Sasana ar thuras scoile. Bhíomar ag fanacht san ostán mór i lár Manchain. Luigh mé siar sa leaba, bhí díomá orm mar bhí an aimsir go dona. Chuir mé m’éadaí orm agus chuaigh mé agus mo chara síos an staighre. Chuamar isteach sa seomra bia agus d’itheamar bricfeasta. Ní raibh aon duine eile dúisithe. Chuireamar cótaí orainn agus chuamar amach as an ostán. Bhí sé an-fhuar agus bhí leac oighre ar na bóithre. Bheartaíomar dul go siopa trasna an bhóthair. Nuair a shroicheamar an bhóthar, rith mo chara trasna an bhóthair. Níor fhéach sé timpeall air. Tháinig carr timpeall an chúinne ar luas lasrach. Níor fhéach an tíomaní go dtí go raibh sé ródhéanach. Sciorr an carr ar an leac oighre agus bhuail sé mo chara. Thit sé ina chneap ar an talamh. Lig mé scread asam agus rith mé sall chuige. Bhí mo chara gan aithne, gan urlabhra agus bhí sé ag cur fola. Ní raibh a fhios agam cad ba chóir dom a dhéanamh. Chuir an tíomanaí fios ar an otharcharr. Tháinig an otharcharr gan mhoill agus cuireadh mo chara ar shínteán. Rith mo mhúinteoir as an ostán agus dúirt mé leis cad a tharla. Chuaigh mé agus mo mhúinteoir go dtí an ospidéal. Tógadh mo chara go dtí an roinn timpiste agus cuireadh plástar pháras ar a chos. Bhí an t-ádh le mo chara mar ní raibh sé gortaithe go dona. Bhrís sé a chos agus bhí a lán marcanna air. Sin é mo sceal. Creid é nó na creid é.

An Sneachta agus Bronntanais Nollag
Tá bronntanais Nollag cosúil le sneachta
Mar tagann siad arraon gan choinne
Ní bhíonn siad ann ach an óiche roimh ré
Ach ansin bíonn siad le feiceáil ar maidin
An bheirt acu bíonn cuma álainn orthu
Uaireanta, Déanann siad sona thú agus
Uaireanta cuireann siad díoma ort
Tabharfaimid bronntanas le grá ach
Le sneachta tabharfaimid
I bhfoirm lonsaí é!
Madra Rua.
Madra Rua tríd an oíche,
Tá sé an-fhuar,
Níl aon bhia aige.
Dán faoi scannán
An scannán ab fhearr liom
Ó bheith im pháíste
Nuair a bhí mé níos óige
Chonaic mé arís is arís é
Nuair a bhí mé sa phiciúrlann
Bhí teidí agam, leon.
Nuair a bhí mé óg
Mo rí, an leon. (Le Scott Ringland)

An drochdhán
An ghrian caillte
Grian mo stór Ó grian
Cá bhfuil tú anois?
An bhfuil tú in aice na farraige?
Níl.
An bhfuil tú sa pháírc?
Níl.
Bím ag cuardach
agus ag cuardach
agus ag cuardach.
Níl mé go maith. (le Alison Arlow)
An Phictiúrlann
Is breá liom dul go dtí an phictiúrlann,
Go háirithe ar laethanta dorcha agus fuar,
Níl aon rud cosúil leis an bpictiúrlann,
Bíonn na scannáin (de ghnáth) maith go leor.
Tá an áit é féin iontach,
An Síochán is fearr á fháil againn,
Bíonn an radharc iontach freisin,
Milseáin blasta againn.
Bíonn sceitimíní orm
Dhá lá roimh an lá
Tá scannán iontach i gcónaí ar siúl i
nDathanna gorm agus corcra. (Le Sarah Foudy)

Sneachta
Bhí gach duine ag a dul a chodladh
Oíche dhubh dhorcha a bhí ann
Séideann gaoth tríd na fuinneoga
Agus éiríonn an domhan nios fuaire
Faoi choim na scamaill
Bhí leac oighir ar an mbóthar
Go tobann, bhí sé ag cur sneachta
ar fud na tíre
Bhí an blaincéád bán ag clúdach
an talamh
Agus bhí plúiríní sneachta ag titim
ón spéír
Sneachta ar an gcrann
Sneachta ar an díon
Sneachta i ngach áit
(Isabelle Wilson)
Sneachta
Calóga boga sneachta ag titim
Cairpéad bán ar an talamh
Crainn geala ag síneadh go dtí an spéir
Fear sneachta ina sheasamh sa pháirc
Gach uile duine imithe
An domhan ar fad ciúin
(Michelle Madden)
Cúpla Haiku

Is maith liom rugbaí
Is aoibhinn liom an cluiche
An cluiche cróga (A. Copeland)

Tá sneachta sa spéir
Tá leac oighir ar na bóithre
Ach tá sé grianmhar (D. Hunt)

Tá na duilleoga imithe
Níl sé deacair é sin a rá
Tá sé an-fhuar (F. Lemass)

An ghealach an-ard
I bhfad ó shúil
Ba mhaith liom a bheith ann (K. Armitage)

Ná Fág
Fan liom mo stór
In aice leis an tine
Fan liom anseo go deo ( R. Fitzpatrick)
Thit an hata ar
an talamh go mall
le fuaim mhór. (A. Arlow)