Coláiste Gearóid Naofa

 

Is scoil chaitliceach chomhoideachais í Coláiste Ghearóid Naofa. Tá thart ar 450 dalta ag freastal ar an scoil shínsearach agus thart ar 250 ar an mbunscoil faoi láthair.

Tá sí lonnaithe dhá mhíle taobh amuigh de Bhré, i gCo.Chill Mhantáin. Tá sí lonnaithe i 68 acra ag féachaint amach ar Bhré. Tá radharcanna aoibhne le fáil ón scoil agus tá traidisiún rathúil spóirt aici. Tá traidisiúin fada ag an scoil i ngnóthachtáil acadúil den scoth agus i bhforbairt scileanna agus mhuinín na ndaltaí.

An aidhm atá ag an scoil ná forbairt mhorálta, spioradálta, chultúra agus fhisiciúil a chothú sna daltaí.

Stair

Is é John James a bhunaigh an scoil i 1918 agus ó shin i leith tá Coláiste Ghearóid Naofa ag freastal ar dhaltaí ó cheann ceann na tíre agus an domhan uile araon.

Rugadh Naomh Gearóid Majella (1726-1756) i ndeisceart na hIodáile.

Ba dheartháir d’Órd an tSlánaitheora é Naomh Gearóid a thug a shaol ag tabhairt cabhrach do dhaoine eile agus é tiomanta sa phaidreoireacht chomh maith.

Spóirt

Imrítear alán spóirt sa scoil ach is iad rugbaí agus haca na príomh chluichí atá le fáil sa scoil. Chomh maith leis sin imrítear leadóg, lúthchleasaíocht, boghdóireacht, pionsóireacht, sacar, trastíre, cispheil, bogliathróid, galf agus badmantan.

Tá áiseanna den scoth le fáil sa scoil freisin. Tá halla spóirt, seomra corpachmhainne, páirceanna astroturf, cúirteanna leadóige le toilsoilse, páirceanna rugbaí agus sacar.  

Gníomhartha Seach-Churaclaim  

Tá an t-oideachas acadúil an-tábhachtach i gColáiste Ghearóid Naofa ach chomh maith leis sin tá alán gníomhartha seach – churaclaim le fáil sa scoil. Déantar díospóireachtaí, óráidíocht phoiblí, cór, turasanna oideachasúla, seoltóireacht, ceoldrámaí, imeachtaí eachaíochta, bailítear airgead do charthanachtaí éagsúla, agus tagann aoíchainteoirí ar cuairt ó am go chéile freisin.

Áiseanna

Tá áiseanna den scoth le fáil sa scoil freisin. I measc na n-áiseanna seo tá teicneolaíocht nua aimseartha den scoth, ríomhlanna, saotharlanna eolaíochta, seomra cócaireachta agus leabharlann.

 

  






 

 
© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords