Céimeanna sa phróiseas
Moltar na céimeanna seo a leanúint le struchtúr a chur leis an obair . . .
1. Na daltaí a roinnt i ngrúpaí agus ábhar scríbhneoireachta a roghnú
Roinn an rang i ngrúpaí agus abair leo an cineál saothair gur mhaith leo a chur le chéile a phlé ina measc féin. D'fhéadfadh duine amháin i ngach grúpa ról an eagarthóra a ghlacadh chun an obair a stiúradh.
Cén cineál leabhar a léann siad féin? An bhfuil spéis acu sna rudaí céanna? B'fhiú a rá leo a bheith ag cuimhneamh ar na smaointe atá acu thar an deireadh seachtaine agus an t-ábhar a phlé arís ar an Luan.
Ba cheart aird na ndaltaí a dhíriú air na seánraí éagsúla, nuair a bhíonn ábhar á léamh acu plé a dhéanamh ar na cinéal rudaí a léann siad féin. Tiocfaidh tuairimí nua chun cinn a spreagfaidh iad dul i mbun scríbhneoireachta.
D’fhéadfadh daltaí díriú isteach ar roinnt de na réimsí seo:
Gearrscéal nó cnuasach gearrscéalta – gearrscéal nó gearrscéalta scríofa ag na daltaí féin
Díolaim filíochta – Díolaim filíochta scríofa ag na daltaí nó dánta aistrithe ó theanga eile go Gaeilge
Irisleabhar – ailt scríofa ag ‘iriseoirí’ éagsúla sa rang
Stiallghreannáin – stiallghreannáin/ nó sraith stiallghreannán a chruthú
Leabhar le grianghraif – leanfaidh scéal gach ceann acu
Beathaisnéis ar dhuine éigin cáiliúil (nó duine a bhfuil spéis faoi leith acu ann/inti)
Leabhair eolais – leabhar taistil ar áit a bhfuil spéis ag na daltaí inti, stair an cheantair nó leabhar a thugann cur síos ar ábhar eile a bhfuil spéis acu ann.
Dráma – D’fhéadfaí dráma a scríobh nó dráma a bhunú ar ghrianghraif
Foclóir – Foclóir Gaeilge de théarmaí a bhaineann le hábhar úsáideach
Léirmheasanna – léirmheasanna ar scannáin, ar dhrámaí nó ar cheol
Is féidir le gach grúpa réimse a roghnú a oirfidh dó/di féin. D’fhéadfadh dalta leabhar a scríobh leis/ léi féin má tá spéis aige/aici in ábhar ar leith, d'fhéadfaí an rang a roinnt i ngrúpaí de triúr nó ceathrar nó d’fhéadfadh an rang ar fad a bheith ag obair le chéile ar rud amháin. Braitheann seo ar an rang agus an bealach is fearr a phlé leo.
2. Dréacht a scríobh
Tabhair sprioc do na daltaí dréacht den obair a chur ar fáil duit. Abair leo dul i bun taighde agus tosú ag scríobh. Is féidir cuid den obair a dhéanamh sa rang agus cuid eile lasmuigh den seomra ranga.
3. Léamh agus athdhréachtú
Ba chóir don mhúinteoir an dréacht a léamh agus aiseolas a thabhairt do na daltaí chun gur féidir leo dul siar ar an obair iad féin.
D’fhiú úsáid a bhaint as na háiseanna ar líne nuair a bheidh siad ag scríobh www.focal.ie agus www.acmhainn.ie agus tá Gaelspell an-áisiúil freisin le cuidiú leo na botúin atá déanta acu a fheiceáil. Is féidir tuilleadh nasc a bheidh cabhrach a fháil ar http://www.cnmg.ie/naisc.html.
4. An téacs críochnaithe ar aghaidh go dtí an múinteoir
Cuirtear an dréacht deiridh den obair ar aghaidh go dtí an múinteoir agus cuirfidh an múinteoir an obair ar an leathanach baile ansin. Is féidir le daltaí tuilleadh a scríobh ina dhiaidh sin má tá an fonn sin orthu.