Tá an scéim seo dírithe ar bhuachaillí agus ar chailíní na hidirbhliana. Tabharfaidh sí an deis dóibh a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus ríomhaireachta a fhorbairt agus beidh siad in ann a gcuid oibre a roinnt le scoileanna eile, beo ar an idirlíon. Spreagfar scoláirí le tarraingt óna dtaithí féin agus scríobh ar ábhair a bhfuil spéis acu féin iontu. Tá béim láidir ar an teicneolaíocht mar go mbeidh cuid mhaith den obair á déanamh ar ríomhairí agus cuirfear an obair a chuirfidh na daltaí i gcrích ar an suíomh seo chun go bhfeicfidh daltaí i scoileanna eile an méid atá scríofa acu.
Beidh rogha ag daltaí a ghlacfaidh páirt réimse leathan saothar a chumadh lena gcomhscoláirí. Cuirfear an t-ábhar ar an suíomh de réir mar a bheidh na saothair á gcur i gcrích. Cuideoidh an taithí seo leo a gcuid scileanna scríbhneoireachta a chur chun cinn agus beidh deiseanna ann forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna comhoibrithe sa ghrúpobair freisin. Cothóidh Cló Beo samhlaíocht agus cruthaitheacht dhaoine óga agus tabharfar an deis dóibh a bheith ina bhfíor-údair!
Is deis iontach í an scéim seo do scoláirí agus do mhúinteoirí atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin teicneolaíocht agus nasc a dhéanamh ceantair éagsúla timpeall na tíre. Beidh piarmheasúnú mar chuid den obair leanúnach mar go mbeidh lucht féachana agus éisteachta leathan nua ag rannpháirtithe. Tabharfar an deis dóibh iad féin a chur i láthair i bpodchraoladh agus tuairimí a roinnt ar bhlag an tsuímh.
Beidh tairbhe le baint ag múinteoirí agus ag daltaí araon as an scéim seo mar go bhfeicfidh siad a gcuid smaointe ag forbairt agus go mbeidh toradh a gcuid oibre le feiceáil ar deireadh. Moltar do mhúinteoirí díospóireachtaí agus plé a chothú ar bhlag an tsuímh – beidh gach duine in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl ansin. Spreagfar iad le cumarsáid a dhéanamh le scoileanna eile agus tuairimí a chur in iúl maidir le hábhar ilghnéitheach an tsuímh.
Nuair a bheidh na saothair ar fad curtha i gcrích i lár mhí Feabhra 2012, tabharfar tréimhse ama do na scoileanna, do na moltóirí agus don phobal le hábhar an tsuímh seo a léamh agus a phlé.
Beidh rochtain theoranta ag an bpobal ar an suíomh seo. Mar sin, ní mór do dhaltaí a bheith sásta an méid atá scríofa acu a roinnt. Ní chuirfear aon ábhar ar an suíomh gan é a bheith faofa ag an Lároifig cheana féin.