Stair na Scoile : Is meánscoil chaitliceach í Coláiste na Carraige Duibhe, lonnaithe i mBaile Liam, An Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1860 le misinéirí ón Fhrainc, leis an tAth. Pére Jules Leman mar cheannaire orthu. Lonnaithe i 63 acra in aice na farraige, tá traidisiún rathúil sportúil aici. Go dtí seo, tá 66 Corn Sinsireach buaite i rugbaí, gan trácht ar na spóirt eile sa scoil. Ta foireann tuata ag an scoil anois le Alan Mac Fhionntaigh mar phríomhoide na Scoile. Is é Cormac O Brolchain Uachtarán na scoile.

Is méanscoil í Coláiste na Carraige Duibhe do bhuachaillí amháin. Is scoil chónaithe í. Freastalaíonn timpeall míle dalta ar an scoil seo. Tá an scoil suite i suíomh álainn, in aice na farraige. Tá stair láidir ag an scoil seo, d’fhreastail Bob Geldof, Dave Fanning agus Brian Ó Driscoll ar an scoil. Mhúin Éamon de Valera agus Michael Cusack anseo.
Táimid ag céiliúradh céad agus caoga bliain i mbliana.

Tá na háiseanna an- mhaith anseo. Tá séipéal álainn , seomra ríomhaire agus leabharlann againn. Tá foirgneamh álainn nua don chúigiú agus don séú bliain. Tá saotharlanna den scoth ann.
Tá béim mhór ar an spórt anseo. Tá an scoil cáiliúil mar scoil rugbaí ach imrítear cluichí eile anseo chomh maith. Tá linn snámha, cúirteanna leadóige, cúirteanna scuaise agus seacht bpáirc rugbaí againn. Imrítear sacar, peil Ghaelach, cispheil, leadóg, scuais, leadóg bhoird, galf agus póló uisce anseo. Déantar snámh agus lúthchleasaíocht agus tras tire chomh maith. Tá ficheall agus díospóireachtaí ar fáil .
Cuirtear dhá sheó ar siúl i rith na bliana. Bíonn ceolchoirm againn sa Cheoláras Náisiúnta gach bliain chomh maith.