Rialacha agus eolas breise

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre an tsuímh seo.
  • Is gá cead a fháil roimh ré má tá grianghraif nó ábhar ar bith a bhaineann le daoine eile á chur ar an suíomh.
  • Tá sé tábhachtach gur obair na rannpháirtithe amháin a bheidh ann agus go ndéanfar tagairt d’aon fhoinsí seachtracha
  • Beidh an t-ábhar ar fáil ar an idirlíon agus beidh fáil ag an bpobal ar a bhfuil scríofa. Beidh rochtain theoranta ag daoine nach bhfuil cláraithe ar an suíomh.
  • Beidh ar gach múinteoir agus scoláire, grúpa nó rang clárú ar an suíomh.
  • Gheobhaidh gach múinteoir a chláraíonn ar an suíomh ainm úsáideora agus pasfhocal le logáil isteach.
  • Beidh an múinteoir ranga ag feidhmiú mar riarthóir ar leathanach baile na scoile agus freagrach as an ábhar a chuirfidh a rang air.
  • Beidh daltaí in ann logáil isteach le féachaint ar an ábhar agus tuairimí a fhágáil ar an suíomh. Rachaidh aon chomhfreagras don suíomh tríd an Lároifig ar dtús le deimhniú go bhfuil sé feiliúnach don suíomh.
  • Dícháileofar aon rannpháirtí as mí-úsáid a bhaint as an suíomh.
  • Déanfar monatóireacht ar an suíomh ach ní mór do gach múinteoir súil a choimeád ar ábhar/tuairimí a chuirfear air. Ní mór é a chur in iúl do Lároifig Chomhar na Múinteoirí Gaeilge má mheastar go bhfuil míúsáid á baint as an suíomh.
  • Beidh múinteoirí in ann tosú ag tógáil ar leathanach baile na scoile i mí Eanáir 2012. Moltar tosú ar an ullmhúchán roimhe seo.
  • Ní mór gach saothar atá le bheith san áireamh a uaslódáil ar an suíomh faoin 10 Feabhra 2012.

 

 
© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords