
Is coláiste co-oideachais é Coláiste Stratford. Tógadh é ‘sna caogaidí mar choláiste a fhreastalódh ar riachtanais oideachais an phobail Giúdach. Na laethanta seo, áfach, tá daltaí ó gach áit agus de gach creideamh againn. Gnáthdhaltaí na háite is mó a fhreastalaíonn ar an gcoláiste anois. Is deas an rud é iad a fheiceáil ag siúl ar scoil gach maidin.
Tá réimse leathan ábhar scoile againn – na gnáth cinn, i dteannta le roinn ceoil agus ealaíne den scoth. Gan dabht tá tús áite ag an teicneolaíocht sa scoil. Cispheil an spórt is mó a imrímid, ach bíonn go leor spóirt eile ar siúl freisin – leadóg snámh, gailf, haca, rugbaí (tip) rásaíocht, lúthchleasaíocht, sacar agus sciáil. Dar ndóigh bíonn turas scíála againn gach geimhreadh.
An aidhm is mó atá ag an gcoláiste ná forbairt an dalta, ar leibhéal acadúil, sláintiúil agus sóisialta a chothú. Spreagaimid na daltaí chun imeachtaí carthanais a reáchtáil agus chun obair deonach a dhéanamh, go háirithe san Idirbhliain. Gach bliain bailíonn na daltaí na mílte euros ar son eagruithe carthanais. Spreagaimid co-oibriú agus neamhspleáchas araon, agus cuirtear an bhéim i gcónaí ar chearta agus meas an duine, i ngach gné den saol.
Is scoil an bhríomhar é Coláiste Stratford agus gach seachtain bíonn turais do áiteanna éagsúla nó urlabhraí nó grúpa (dráma is a leithéid) ag teacht chugainn. Bíonn Seachtaine Eolaíochta, Seachtain Ealaíne, Lá Ilchultúrtha, Lá Leabhar, Seachtain na Gaeilge, agus imeachtaí mar tráthanna ceist , díospóireachtaí, comórtais scríbhneoireachta, filíochta agus gearrscannán, ar siúl sa scoil gach bliain.
Déanaimid ár seacht ndícheall aon tallann a bhíonn ag na daltaí a fhorbairt agus a chothú. Tá ceoltóirí, amhránaí, ealaíontóirí, aisteoirí, damhsóirí, scríbhneoirí, agus imreoirí spóirt den scoth sa scoil. Tá cór álainn againn freisin.
Thar aon ní eile is ionad foghlamtha muid ina bhíonn gach seans ag na daoine óga inár gcúram a dtualangacht a bhaint amach in atmaisféar sona, té, sábháilte, spreagúil, agus cairdiúil.
Pauline Ivers
Céimniú na hidirbhliana

Lá Spóirt

Seo Puipéad Seachtain na Gaeilge- Céilí

Dráma - Radharc ón Droichead

Ár Scéal
