Gradaim Bronnta ar Scríbhneoirí na hIdirbhliana
Bronnadh teastais ar rannpháirtithe Cló Beo, an scéim phíolótach a spreagann ceapadóireacht leictreonach i measc dhaltaí na hidirbhliana, ag ócáidí bronnta ar 20, 21 agus 25 Bealtaine 2010. Bhí na daltaí agus na múinteoirí a bhí páirteach an-ghníomhach ag cumadh agus ag uaslódáil réimse leathan saothar idir ghearrscéalta, dhánta agus phodchraoltaí i rith na bliana agus tá ardmholadh tuillte acu siúd a ghlac páirt.
Reáchtáil Comhar na Múinteoirí Gaeilge an tionscadal seo don chéad uair i mbliana i gcomhar leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus Ionad Oideachais na Carraige Duibhe le deis a thabhairt do dhaltaí na hidirbhliana díriú ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus le feasacht a ardú ar na féidearthachtaí atá ann maidir le ríomhairí agus bogearraí a úsáid trí mheán na Gaeilge. D’úsáid gach scoil a ghlac páirt an suíomh gréasáin www.clobeo.ie mar áis leictreonach le leathanach na scoile a thógáil agus le saothair a scríobh an rang a roinnt le scoileanna eile.
Moladh dóibh siúd a bhí páirteach logáil isteach agus a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis an méid a scríobh siad féin agus scoileanna eile. Cuireadh na saothair chríochnaithe ar an suíomh agus tugadh deis do na daltaí eile aiseolas a fhágáil ar bhlaganna na leathanach. Ach ní hamháin sin, bhí an file agus scríbhneoir aitheanta, Gabriel Rosenstock, ag feidhmiú mar mholtóir rúnda ar na blaganna seo chomh maith.
Roinn Gabriel aiseolas leis na daltaí ar bhlaganna an tsuímh bunaithe ar na saothair a scríobh siad. Ba chomhairle luachmhar í seo d’aon scoláire óg atá dáiríre faoin scríbhneoireacht chruthaitheach agus a bhfuil spéis acu aiseolas cuiditheach a fháil ó scríbhneoir aitheanta. Bhí an méid seo le rá ag Gabriel faoin tionscadal
“Is breá an rud é fuinneamh na hóige a bheith á chaitheamh ar shaothair chruthaitheacha. D'fhéadfá a rá go bhfuil obair shíoraí an Chruthaitheora ar siúl ag an té a bhíonn cruthaitheach. Is breá an rud é leas a bhaint as na meáin nua chun scríbhneoireacht a dhéanamh agus, ar ndóigh, tá an Ghaeilge chomh nua-aoiseach anois le teanga ar bith eile ó thaobh na teicneolaíochta de.
Léirigh an tionscadal seo go bhfuil fonn ar dhaoine óga iad féin a chur in iúl. Rud speisialta is ea é tú féin a chur in iúl i dteanga ársa do thíre féin. Rud ar leith is ea é. Pribhléid... agus pléisiúr neamhchoitianta. Is minic gurb í an Ghaeilge an dara teanga ag scríbhneoirí na Gaeilge agus tá sé intuigthe go mbeadh dúshlán nach beag ag baint le scríobh na Gaeilge sa dara teanga. Ach ní fál go haer é. Nach breá an Béarla a scríobh Conrad, Polannach agus Nabokov, Rúiseach, agus ní raibh aon locht ach an oiread ar Fhraincis Beckett, Éireannach. Cleachtadh. Cleachtadh. Cleachtadh. Agus paisean! Cleachtadh. Cleachtadh. Cleachtadh. Gach lá. Léirigh lucht an tionscadail seo gur féidir an-taitneamh a bhaint as scríobh na Gaeilge.”
Ag labhairt di ag ceann de na hócáidí bronnta dúirt Anna Davitt, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge
“Is cúis bróid dúinn ar fad an tsárobair a roinn na daltaí linn ar clobeo.ie i mbliana. Deis iontach atá sa tionscadal do dhaltaí le taighde agus scríbhneoireacht a dhéanamh ar ábhair ar spéis leo féin. Rinne a lán daltaí comhoibriú ar na saothair lena gcomhscoláirí - ba mhór an tairbhe an ghné seo den tionscadal agus tá a rian le feiceáil ar na saothair a scríobh siad. Bheartaíomar ar ghradaim bhreise a bhronnadh ar roinnt saothar mar go raibh an caighdeán chomh hard sin. Léiríonn Cló Beo go bhfuil fonn agus spéis ag daoine óga a bheith ag scríobh as Gaeilge agus tá súil againn go dtabharfaidh sé misneach do na daltaí a bhí rannpháirteach leanúint orthu ag scríobh amach anseo.”
Bronnadh boinn ar na daltaí a bhain gradaim amach sna catagóirí seo a leanas:
Podchraoladh nó Stiallghreannán: ‘Fadó’
Pobalscoil Naomh Colmcille, Cnoc Liamhna, Baile Átha Cliath 16.
(Órlaith Ní Raifeartaigh, Amy Ní Dhúdáleithe, Michael de Barra)
Dráma nó Scannán: ‘Tá an Fhírinne Searbh’
Gaelcholáiste Reachrainn, Domhnach Míde, Baile Átha Cliath 13.
(Fionntán Mac an Airchinnigh, Déin Mac Cána, Connor Mc Gabhann, Séamus Mac Gibb, Rachel Ní Cheallaigh, Sorcha Ní Dhonnaile, Róisín Ní Fhoghlú, Orlaith Ní Lionnáin, Aoife Ní Riain, Eibhlín Ní Rúis, Shauna Níc Shéamais, Máire Nic Nia, Rebecca Nic Uidhir, Fred Ó Briain, Mícheál Ó Caoimh, Rónán Ó Cearbhaill, Pádraig Ó Conchúir, Jamie Ó hAoláin, Liam Ó Lionsaigh, Cian Ó Scanaill)
Dán nó léiriú ar Dhán: ‘Uaireanta’
Coláiste Naomh Aindriú, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
(Briony Ní Mhuireagáin)
Gearrscéal:
‘Síomón’
Coláiste Stratford, Bóthar Zion, Co. Bhaile Átha Cliath
(Olivia Bagnall, Joshua Brady, Marc Comiskey, Sarah Corrigan, Aaron Daly, Aifric Dennison, Anna Douglas, Robert Downes, Cathy Dunne, Eoin Gleeson, Ella Hopkins, Michael Lysaght, Ailbhe MacMahon, Lucy Murphy)
‘Eachtra Mhailí Mhála’
Coláiste Naomh Aindriú, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
(Lucy Bowen & Leanne Ní Chuinneagáin)
‘Scáthán’
Scoil Mhuire, Baile Átha Cliath 6W
(Croí Buckley)