Coláiste Aibhistín Dúngarbhán

 

Coláiste Aibhistín, Dún Garbhán, Co. Phortláirge.

Is scoil mheasctha sinn a bhfuil tuairim is 650 dalta ag freastal uirthi. Táimid suite cois farraige in oirdheisceart na tíre. Suíomh 45 acra atá ann agus tá áiseanna den scoth againn. Tá cáil ar ár scoil de bharr na lúthchleasaíochta agus an spóirt. Tá curadh domhanda sa séú bliain i mbliana, an rásaí siúil Kate Veale. Thug sí léi craobh an domhain i gcomórtas Oilimpicí na nÓg i Singapore anuraidh. Tá na scórtha gradam eile buaite aici agus ag a lán lúthchleasaithe eile ónár scoil.
An rud is mó a dhéanaimid san Idirbhliain inár scoil gach bliain ná an ceoldráma. Dheineamar an dráma ‘Oliver’ i mbliana agus bhaineamar go léir an-taitneamh as. Bíonn na gnáth imeachtaí eile again ar nós na mionchomhlachtaí, turasanna srl. Bhaineamar go léir taitneamh as ár n-iarrachtaí do chomórtas ‘Cló Beo’ a chur le chéile. Buíochas lenár múinteoir Áine Uí Fhoghlú a thug cabhair agus spreagadh dúinn.
 

Seo iad na píosaí scríbhneoireachta a dhein na daltaí as rang 4.3 i gColáiste Aibhistín, Dúngarbhán, Co. Phortláirge

1 Dán

Luan Eile

Luan eile – deoir i mo shúil
Ag fanacht liom, tosnaíonn arís
Ní cheadaíonn eagla leadrán
An múinteoir dall
Coibhlint sa chlós.

Le: Rang na hIdirbhliana, 4.3

................................................................................................................

2 Dán

Mo chamán is mo liathróid

Le:Gabriel de Laitheasaigh


Nuair a bhí mé níos óige
Bhí mo mhamaí crosta
Liomsa is mo chamán
Mar ní raibh mé róchliste.
Bhris mé an fhuinneog
Le mo chamán is mo liathróid
Ach dúirt mo mhamaí liom
Go raibh sí brónach
Mar bhí uirthi airgead
A chur amach don fhuinneog
Mar nach raibh mé róchliste
Le mo chamán is mo liathróid.

........................................................................................................


3 Scéal

Saol Crua

Le:Emma Ní Chadhla

Bhí Éinne ag féachaint amach an fhuinneog ard cathrach. Bhí an fhearthainn ag bualadh na fuinneoige. Bhí súile móra gorma Éinne ag stánadh amach ar an sráid fhliuch. Bhí gach saghas smaoineamh ag rith trína cheann: An dtiocfadh a Dhaidí abhaile ar meisce arís anocht? Cén fáth go bhfuair a Mhamaí bás nuair a bhí sé chomh hóg sin? An mbeadh sí beo inniu murach eisean? Bhí eagla air ach chuir sé cuma chróga ar a aghaidh, mar bhraith sé go raibh sé freagrach as a dheartháir beag. An mbeadh cailín nua ag a Dhaid arís anocht?

Sheas sé suas. Bhí obair le déanamh aige. Bhailigh sé na héadaí salacha agus chuir sé isteach sa meáisín níocháin iad. Chonaic sé a aintín ag déanamh obair mar sin thimpeall an tí nuair a bhí sé ag fanacht léi sa samhradh. Thaitin sé leis fanacht lena aintín sa samhradh, bhraith sé sábháilte ann. Chuala Éinne a dheartháir ag glaoch air. Bhí cabhair ag teastáil lena chuid obair bhaile. Ansin, chuimhnigh sé go raibh obair bhaile le déanamh aige. Bhí an teach ina phraiseach freisin. Ní shroichfeadh sé an leaba go deo!

Go tobann, chuala sé a Dhaid ag cnagadh ar an doras agus ag scairteadh. Bhí sé ar meisce, cinnte! Thug sé strac-fhéachaint ar an gclog. Naoi a chlog? Nach raibh sé sin an-luath? De ghnáth bíonn sé thimpeall a dó a chlog nuair a chloiseann sé a Dhaid ag bualadh! D’oscail sé an doras agus thit a Dhaid ar an urlár os a chomhair. Ní raibh sé ar an gcéim fhoréigneach ar a laghad! Tharraing Éinne isteach é go dtí an tolg agus chuaigh sé suas go dtí a dheartháir chun cuidiú leis lena chuid fadhbanna. Ina dhiaidh sin, ghlanfadh sé an urlacan a d’fhág a Dhaid ar an urlár.

Oíche Shatharn gnáthach eile i saol Éinne.

....................................................................................................................

4 Scéal


An Ceacht

Le: Hannah O’Connor


Is mise Fionn agus seo é mo scéilín.
Bhog Séamus ó Ghaillimh chuig mo scoil anseo i bPort Láirge dhá bhliain ó shin. Is fuath le gach duine Séamus agus bímid ag gáire faoi gach lá.

Bíonn Séamus ag caoineadh i gcónaí ach tá eagla air sceitheadh orainn. Suíonn sé ina aonar sa bhialann ag am lóin agus níl aon chairde aige. Caitheann sé spéaclaí móra agus bíonn gach duine ag magadh faoi. Is duine gránna é Séamus, nílimid ag déanamh bullaíocht air i ndáiríre! Ní bhíonn sé ag caint le aon duine ar scoil. Itheann sé ceapairí a dhein a mháthair dó agus níl cead aige féachaint ar na ‘Simpsons’……

Cuireann daoine píonós ar dhuine mar seo. Is dócha go mbogfaidh sé ar ais go Gaillimh lá amháin! Ach anois, tá a cheacht foghlamtha aige…Níl cead a bheith difriúil inár scoil.

..................................................................................................................................

5 Dán


Doras an lae

 

Le:Paul Murphy

Osclóidh doras
Ar an nádúr
An ghrian ag scoilteadh na gcloch
An spéir gorm
Lonradh buí na gréine
Féar is spéir
Níl aon scamall sa spéir
Agus tá na héin ag canadh.
Chuaigh mé go dtí an trá
An ghainimh a bhí te
A leithéid de lá álainn
Chun dul ar snámh
An t-uisce bhí fionnuar
Gach rud chomh ciúin
Ar an lá álainn seo.

................................................................................................................................ 

6 Scéal


An Cat

Le: Éinne Ó Cathasaigh


B’é seo an lá go raibh súil aige leis le fada. Le trí bliana bhí Stíofán ag súil leis an lá seo. Le trí seachtainní níor stop a thuismitheoirí ag caint faoin lá. Bheadh gach rud ar eolas aige inniu. Gach rud ar oibrigh sé go dian ar a shon le sé mhí roimhe. Inniu bheadh toradh aige ar a chuid oibre go léir.

Léim an déagóir amach as an leaba agus tharraing sé air a éide scoile. Ar éigean gur bhuail a chosa céimeanna an staighre. Bhí Bistó ag preansaíl agus ag preabadh thart air. Cheapfá go raibh a fhios ag an madra mór órdha go raibh cúis áthais agus sceitimíní ann do. Chuimil Stiofán a cheann. Lígh Bisto a lámh.
Lig Stiofán amach é ar feadh tamaill. Shuigh sé síos agus d’ith sé a bhricfeasta, ansin thug sé Bisto ar shiúlóidín thimpeall na páirce. Tháinig siad go dtí na soilse tráchta. Stop siad. Ansin go tobann léim cat thar an mballa. Chonaic Bistó é agus thosaigh sé ag tafann.
“A Bhistó,” a bhéic sé, “Ciúnaigh síos!”
Tháinigh veain ar luas lasrach. D’éirigh leis éalú den iall agus rith sé trasna an bhóthair. Ach ní raibh sé tapa go leor agus bhuail an veain é.
“Bistó!!!” a scréach sé. Ach bhí sé sínte ar an talamh.
Rith Stiofán trasna an bhóthair agus bheir sé ar Bhistó. Bhí sé beo…ar éigean.

...........................................................................................................


7 Dán


Cailín ar an droichead

Lonraíonn solas
Ar an taobh eile den droichead
Seasann bean ann
Ag fanacht liom
Feicim í
Tríd an dorchadas
Ar an taobh thall.
Shiúil mé go dtí an bhean álainn
D’fhéach mé sa tsúil uirthi
Thit mé, ar an bpointe, i ngrá.

Le: Niamh O’Gorman

....................................................................................................................

8 Scéal


I bhfad ó bhaile

Le: Gabriel de Laitheasaigh
Seo é Bartek. Tá sé ocht mbliana d’aois. Is as an Pholainn dó. Fuair a mháthair bás nuair a bhí sé an-óg. Bíonn a athair ag ól go minic. Deir sé leis muna rugfaí é go mbeadh a mháthair fós ann. Buaileann a athair é nuair a bhíonn sé ar meisce. Bíonn na páistí eile sa scoil ag magadh faoi, mar tá sé difriúil, tá sé ón Pholainn. Ag an lón, fanann sé sa leithreas mar nuair a bhíonn na páistí ag magadh faoi, uaireanta buaileann siad é. Ní maith leis caint leis na múinteoirí mar dúirt na páistí eile leis go maródh siad é dá labharfadh sé leis na múinteoirí.
Nuair a shroicheann sé an baile, téann sé suas an staighre go dtína sheomra, gan focal as, mar i gcónaí bíonn a athair ar meisce.
Cuireann sé é féin faoi ghlas ina sheomra, le heagla roimh a athair. Bíonn sé ag caoineadh sa seomra don oíche ar fad. Ba mhaith leis dul ar ais go dtí an Pholainn, ach níl aon airgead aige. Caithfidh sé fanacht sa teach lena athair.
Gan airgead, gan mháthair, gan dóchas ar bith.

.........................................................................................................................

 


9 Scéal


Saor faoi dheireadh

Le: Conor Lavelle & Conor Kavanagh

Dhúisigh Seán ar maidin. Bhí an ghrian ina shúile mar bhí na cuirtíní gorma oscailte. Bhí sé fós ina luí ar an urlár agus an lochán fola in aice leis. Tharraing sé é féin aníos den urlár agus shuigh sé sa chathaoir ag an mbord. D’fhéach sé ar a uaireadóir agus bhí sé a trí a chlog sa tráthnóna. Go tobann bhí smaoineamh aige.
Rith sé go dtína sheomra agus bhailigh sé a chuid rudaí le chéile. Chuaigh sé go dtí doras an tseomra codlata agus d’fhéach go cúramach taobh thiar de. Bhí sé fós ina chodladh. Thóg Seán a mhála agus shleamhnaigh sé amach an doras.
Bhí sé saor faoi dheireadh.

..............................................................................................................................

 

10 Scéal


Saviona, an cailín brónach

Le: Aimee Moloney agus Shawna O’Keeffe

Bhí Saviona uaigneach. Ní raibh aon duine ag caint léi. Seacht mbliana d’aois a bhí sí. Inniu. Inniu a breithlá, ach bronntanas ní bhfuair sí agus cárta níor tháinig. Bhí cuma bhrónach ar a súile móra donna. Bhí na ribíní dearga ina cuid gruaige dhubh agus na trilseáin néata go hálainn ar a haghaidh dhathúil. Theastaigh gúna nua uaithi dá lá breithe ach níorbh acmhainn dá máthair ceann a cheannach di. Níor smaoinigh siad fiú ar a breithlá. Ach smaoinigh a huncail. Cheannaigh seisean rothar nua di agus bhí áthas an domhain uirthi. Ach ar a bealach go dtí teach a huncail thit sí den rothar agus bhí sí gan aithne gan urlabhra. Ghlaoigh duine éigin ar an otharcharr agus tugadh chuig an ospidéal í. Bhí a cos briste agus bhí pian ina ceann.

An Bhanaltra Fuar a bhí ar dualgas an lá seo. Shiúil sí isteach i seomra Saviona agus an bricfeasta aici ar iompar. Cúpla nóiméad tar éis gur ith sí an bricfeasta tháinig an phian thar n-ais ina bolg agus thit sí i laige arís. Nimh a bhí sa bhricfeasta ag an mBanaltra Fuar. Seacht mbliana d’aois a bhí Saviona nuair a fuair sí bás.
 

 

Luan eile

By Rang na hIdirbhliana 4.3 Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Dánta.

Mo Chamán is mo liathróid

By Gabriel De Laitheasaigh Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Dánta.

Saol Crua

By Emma Ní Chadhla Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Scéalta.

An Ceacht

By Hannah O'Connor Monday, 27th February 2012 | 2 comments
Filed under: Scéalta.

Doras an Lae

By Paul Murphy Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Dánta.

An Cat

By Éinne Ó Cathasaigh Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Scéalta.

Cailín ar an Droichead

By Dán le Niamh O'Gorman Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Dánta.

I bhfad ó bhaile

By Gabriel De Laitheasaigh Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Scéalta.

Saor Faoi dheireadh

By Conor Lavelle & Conor Kavanagh Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Scéalta.

Saviona, an cailín brónach

By Aimee Moloney & Shawna O'Keeffe Monday, 27th February 2012 | 1 comments
Filed under: Scéalta.

© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords