Coláiste Stratford

                                                                             

Coláiste Stratford Rath Garbh Baile Átha Cliath 6

1 stratford

Is coláiste co-oideachas é Coláiste Stratford. Tógadh é ‘sna caogaidí mar choláiste a fhreastalódh ar riachtanais oideachais den phobal Giúdach. Na laethanta seo, áfach, tá daltaí ó gach áit agus de gach creideamh againn. Gnáthdhaltaí na háite is mó a fhreastalaíonn ar an gcoláiste anois. Is deas an rud é iad a fheiceáil ag siúl ar scoil gach maidin.

Tá réimse leathan ábhar scoile againn – na gnáth cinn, i dteannta le roinn ceoil agus ealaíne den scoth. Gan dabht tá tús áite ag an teicneolaíocht sa scoil. Cispheil an spórt is mó a imrímid, ach bíonn go leor spóirt eile ar siúl freisin – snámh, gailf, haca, rugbaí (tip) rásaíocht, lúthchleasaíocht agus sacar.

An aidhm is mó atá ag an gcoláiste ná forbairt an dalta, ar leibhéal acadúil, sláintiúil agus sóisialta a chothú. Spreagaimid na daltaí chun imeachtaí carthanais a reáchtáil agus chun obair deonach a dhéanamh, go háirithe san Idirbhliain. Gach bliain bailíonn na daltaí na mílte euros ar son eagruithe carthanais. Spreagaimid co-oibriú agus neamhspleáchas araon, agus cuirtear an bhéim i gcónaí ar chearta agus meas an duine, i ngach gné den saol.

Is scoil an bhríomhar é Coláiste Stratford agus gach seachtain bíonn turais do áiteanna éagsúla nó urlabhraí nó grúpa (dráma is a leithéid) ag teacht chugainn. Bíonn Seachtaine Eolaíochta, Seachtain Ealaíne, Lá Ilchultúrtha, Lá Leabhar, Seachtain na Gaeilge, agus imeachtaí mar tráthanna ceist , díospóireachtaí, comórtais scríbhneoireachta, filíochta agus gearrscannán, ar siúl sa scoil gach bliain.

Déanaimid ár seacht ndícheall aon tallann a bhíonn ag na daltaí a fhorbairt agus a chothú. Tá ceoltóirí, amhránaí, ealaíontóirí, aisteoirí, damhsóirí, scríbhneoirí, agus imreoirí spóirt den scoth sa scoil. Tá cór álainn againn freisin.

Thar aon ní eile is ionad foghlamtha muid ina bhíonn gach seans ag na daoine óga inár gcúram a dtualangacht a bhaint amach in atmaisféar sona, té, sábháilte, spreagúil, agus cairdiúil.

Pauline Ivers
 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


         

                               

                                                                         

 
© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords