Meánscoil Notre Dame

Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge


Tá fáilte romhat chuig leathanach baile Notre Dame , áit a bhfaighidh tú togha agus rogha na léirmheasanna ar scannáin Ghaeilge. Tá rang na hidirbhliana ag tabhairt faoi mhodúl scannánaíochta i mbliana agus tá léirmheasanna á dhéanamh againn. Tugann scannánaíocht súil eile dúinn ar an saol – ar imirce, ar chúrsaí cultúrtha agus teanga, agus ar go leor eile. Is scil í an léirmheastóireacht nach gcuirtear béim uirthi sa tSraith Shóisearach ach a bhfuil tábhacht nach beag ag baint léi sa tSraith Shinsearach agus, do deimhin, sa saol mór.
Táimid ag déanamh staidéir ar na gearrscannáin seo a leanas.

  • An Leabhar
  • Aqua
  • Cáca Milis
  • Clare sa Spéir
  • Filleann an Feall
  • Iníon an Fhiaclóra
  • Lipservice
  • Tubberware
  • Yu Ming is Ainm Dom

Mar aon leo sin, féachfaimid ar dhá mhórscannán Gaeilge – Cré na Cille, atá bunaithe ar úrscéal clúiteach Mháirtín Uí Chadhain agus Kings, atá bunaithe ar dhráma Jimmy Murphy. Go dtí seo, táimid ag baint idir thairbhe agus thaitneamh as na scannáin. Tá súil againn go mbainfidh sibhse taitneamh as na léirmheasanna agus b’fhéidir go ngríosfaidh siad sibh le féachaint ar na scannáin sibh féin.
Rang na hIdirbhliana 2011-12, Meánscoil Notre Dame

..........................................................................................

 

Na léirmheasanna -


Cré na Cille


Is é Máirtín O Cadhain an scríbhneoir. 2007 an bhliain eisiúna. Baineann téama an scannáin seo le seirbhe, éad, fearg, áiféala, an bás agus an saol.

Na carachtair atá sa scannán ná Caitríona Phaidín, Pádraig, Bileachaí, Máiréad, Nóra Sheáinín Liam, Máirtín, Peadar an ósta, Tom Rua agus Tomás.

Ní maith liom Caitríona Phaidín. Tá sí uafasach. Is maith liom Tom Rua, tá a theanga an-ghreannmhar.

Níor thaitin an scannán liom mar tá sé leadránach agus níl sé greannmhar.

An radharc is fearr liom ná nuair a bhí Tom Rua ag ól Vodka agus ag rothaíocht abhaile agus d’eitil sé thar an mballa agus fuair sé bás. Bhí sé greannmhar.

Maidir le teicnící scanánnaíochta, tá úsáid an tsolais agus an dorchadais agus súmáil go maith.
 

Elena Hussey

...............................................................................

 

Tá mé ag scríobh faoin scannán Cré na Cille. Ba é Máirtin Ó Cadhain an scríbhneoir. Ba é Robert Quinn an stiúrthóir. Bliain eisiúna an scannáin ná 2007. Baineann téama an scannáin seo le bás, talamh, bród agus airgead.

Bhí na carachtair seo sa scannán Caitríona Pháidín, Baba, Neil, Nóra Sheáinín, Máirín, Padraig, Cáit, Peadar, Mairéad, Tomás, Seainín Liam, Mairtín craosach, Peadar an ósta agus Tom Rua.
Ba í Caitríona Pháidín an carachtar is fearr liom. Ba í an príomh-charachtar sa scannán í. Tá sí in éad agus feargach ach tá sí greannmhar!
Níor thaitin an scannán liom mar bhí sé an-fhada agus leadránach ar fad.

An radharc is fear liom ná Earrach 1949- Tomás ag ól. Bhí Tomás sa teach tábhairne lá amháin agus d’ól sé an iomarca. Nuair a bhí sé ag dul abhaile ag rothaíocht, stop an sagart é agus d’inis sé do Thomás chun stopadh ag ól. Lean sé air ag rothaíocht agus d’eitil sé thar bhalla agus fuair sé bás. Is maith liom an radharc sin mar bhí sé an-ghreannmhar.


Isobel Gorey

.....................................................................................


Is scannán é seo de scéal le Máirtín Ó Cadhain. Ní maith liom an scannán ‘Cre na Cillie’ mar shíl mé go raibh sé leadránach agus níor choinnigh sé m’aird.
Baineann téama an scannáin seo le teanga agus bás agus cultúr agus imirce agus cúrsaí clainne. Scaoileadh an scannán seo i 2007. Ní raibh an-tóir air.
Tá go leor carachtair ann: Brian mór agus Mairéad agus Seainín agus Tadhg agus Neill agus Baba agus Jack agus Tomás ach is í Caitríona Pháidín an príomhcharachtar.
Is maith liom Caitríona mar tá sí an-ghreannmhar agus suimiúil ach is féidir léi a bheith leadránach.
Níor cheap mé go raibh aon radharc is fearr sa scannán seo mar ní raibh sé ag mo chaighdeán féin. Tá an scéal faoi dhaoine i sráidbhaile ag fáil bháis. Ní maith liom é.
Ach is maith liom uilinn an cheamara. Tá sé go breá! Tá úsáid na fuaime go hiontach, agus is breá liom úsáid an tsolais agus an dorchadais, tá sí an-éifeachtach anseo. Ach ní maith liom úsáid an cheoil mar go raibh sé scanrúil! Bhí an feisteas agus na cultacha go maith. D’oir siad go maith.
Ar an iomlán, ní maith liom snáithe an scéil mar tá an scannán an-leadránach ach is maith liom na teicnící scannánaíochta mar tá siad an-éifeachtach agus go hiontach!


Eimear Byrne

.................................................................................................

 

 

Chonaic mé an scannán ‘Cré na Cille’. Scríobh Máirtín Ó Cadhain scéal an scannáin seo. Tá sé soiléir ón scannán go bhfuil sé faoi theanga agus faoin staid daonna. Is é an saol agus bás na téamaí ann freisin.
Bhí a lán carachtair sa scannán seo: Caitríona Pháidín, Pádraig, Mairéad Phroinsiais, Nell, Peadar, Jack, Tomás, Nora, Máirtín, Séainín Liam agus Brian Mór. Dúirt gach éinne frásaí difriúla. Chabhraigh an frása sin le pearsantachtaí na gcarachtar a thaispeáint dúinn.
Ag tús an scannáin, fuair Caitríona Pháidín bás agus bhailigh gach duine le chéile ag a sochraid. Ghabh sí faoi thalamh isteach sa saol iarbháis agus bhuail sí le daoine eile a bhí marbh. Sula bhfuair sí bás, d’inis sí dá mac go raibh sí le bheith adhlactha i bplota an phúint. Chaill sí a cloigeann mar mhínigh duine éigin di nach raibh sí adhlactha sa phlota seo – Adhlacadh í in áit an chúig déag. Lean an scannán ar aghaidh agus fuair tuilleadh daoine bás. Nuair a tháinig daoine faoi thalamh d’inis siad na scéalta. Dúirt daoine difriúla frásaí difriúla, mar shampla dúirt Caitríona ‘’Ah, Boo Boona!’’, dúirt Beartla ‘’Bloody tour a nouns’’, dúirt Tomás ‘’gug goog’’.
Is fear liom an radharc nuair a shroich Tomás faoi thalamh mar bhí sé greannmhar. D’ól sé a lán alcól agus bhí sé ólta. Rothaigh sé síos an bóthar agus thuairt sé i gcoinne an bhalla. Thit sé thar an mballa agus thug sé ardú meanman dom. Ceapaim gurbh amadán é.
Ag deireadh an scannáin cheap Caitríona nach raibh crois thuas ar an bplota. Bhí sí an-chrosta ach thuigeamar go raibh leac deas os cionn an phlota. Dúirt Caitríona ‘’Is fearr an troid nó an t-uaigneas’’. Thaispeáin sé seo go bhfuil an baile faoin tuath ina chomhphobal, fuinniúil agus fuinte. Ach, bhí sí gafa le maoin agus le sealús.
Bhí úsáid an tsolais agus an dorchadais go maith sa scannán seo. Bhí sé dorcha faoin talamh nuair a bhí siad marbh agus bhí sé glé nuair a bhí siad beo. Thaispeáin an feisteas agus na cultacha go raibh an scannán suite sa seansaol. Úsáideann siad ceol sa scannán freisin. Nuair a fuair siad bás bhí sé an-tábhachtach é a chanadh ag an tsochraid.
Níor thaitin an scannán go mór liom mar bhí go leor daoine ann a fuair bás. Níor thaitin an scéal liom, an áit agus a lán carachtair. Níor thuig mé na daoine agus bhí sé leadránach.

Sarah Disney

.................................................................................... 

An tseachtain seo caite, chonaic mé an scannán ‘Cré na Cille’ agus thaitin sé go mór liom. Baineann an scannán le daoine marbha. Tá an scannán seo suite in uaigh.
Rinneadh an scannán i 2007. Ba é Patrick Quinn an stiúrthóir agus Macdara Ó Fatharta a scríobh. Máirtín Ó Cadhain a scríobh an t-úrscéal. Na haisteoirí - Bríd Ní Neachtain, Peadar Lamb agus Máire Ní Mhaille.
Bhí téama suimiúil ag baint leis an scannán mar ní fhaca mé aon scannán cosúil le Cré na Cille cheana.
Tá an scannán seo faoi bheirt deirfiúir. Ag tús an scannáin, fuair Caitríona bás agus nuair a dhúisigh sí faoin gcré mothaíonn sí fuath dá deirfiúr Nell mar fadó fadó nuair a bhí siad an-óg, ghoid Nell fear Chaitríona. Bhí sí brónach, feargach agus díomách. Bhí fuath ag Caitríona do Nell go deo sa saol iarbháis.
Nuair a bhí sí faoin gcré, bhuail sí le sean chomharsana agus cairde a bhí curtha cheana féin. Nuair a bhí siad curtha faoi thalamh d’fhiafraigh sí de dhaoine nua faoi nuacht a bhain leis na daoine beo. Bhí suim ag Caitríona i Nell i gcónaí.
Cheap mé gur chailleach í Caitríona. Tá sí olc, éadmhar agus uafásach. Níl athás uirthi riamh agus arís, tá sí i ngreim ag Nell. Tá sí searbh!
Mhair an scannán uair go leith agus gan choinne, tháinig deireadh an scannáin!

Eithne Dodd

......................................................................................................

 

Ba iad téamaí an scannáin éad, bás agus saol, fearg agus aiféala. Is é an an máistir scoile an carachtar is fearr liom mar bhí sé greannmhar.
Níor thaitin an scannán liom mar bhí sé leadránach agus an-deacair le tuiscint agus bhí an iomarca carachtair ann. Bhí sé rud beag rófhada.
Fuair an solas dorcha nuair a fuair na carachtair bás agus geal nuair a bhí siad beo. An radharc is fearr liom ná nuair a bhí Tom Rua ag caint le Caitríona. Tá Tom Rua greannmhar. Sa scannán, bhí an iomarca carachtar sa mhéid agus raibh an-mhearbhall orm . Níor thaitin an scannán liom.

Laura Madigan

 

.........................................................................................................

 

Achoimhre ar an scéal: tá sé beagán cosúil le scannán uafáis, fearg agus éad idir beirt deirfiúracha ina n-óige. Tá an greann lena linn agus beag beann ar an teanga. Mhúin an scannán seo roinnt de na maslaí is fearr dar chuala mé riamh. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil nó nach bhfuil an scannán seo go maith, cuimhnigh ar sin.
Luíonn an banlaoch Caitríona Pháidín san uaigh gan aon síocháin ag fanacht le nuacht as an domhan thuas agus ag ciapadh na marbh nua ag gach deis. Tá na radharcanna faoi thalamh níos éifeachtaí ná iad siúd os cionn talún ag léiriú shaol na hÉireann de rèir mar a leanann Caitríona lena ‘gossip’. Tá cuid de na radhairc is mó anseo mar a dtosaìonn a comharsana ag titim cosúil le cuileoga - d’èag siad ar bhealaí an- ghreannmhar agus tá sé deacair gan a bheith ag gáire beagán.

Georgia Ryan

 

  

.............................................................................................

 

Faigheann Caitríona Pháidín bás.Seo é tús an scannáin. I gcónaí, is é an t-am a fhaigheann an príomh-charactar bás deireadh an scéail, ach ní gnáth scannán é seo.Tá scéalta beaga tríd an scannán, ach is é an scéal is mó ná an t-éad atá ag Catríona de deirfiur i Meirceá, agus nach bhfuair Caitríona a airgead nuair a fuair sí bás. Níos mó ná sin, tá fear nua ag bean an Mhaistir!

Faigheann a lán daoine bás sa scannán seo, ach níl sé aisteach. Tá an comhphobal an rud is tabhachtaí sa scannán. Ní bheadh aon duine ábalta dul ar aghaidh muna mbeadh an chaint nua acu.

Is é an rud is measa faoin scannán ná go bhfuil an scéal beagáinín trína cheile, mar tarlaíonn sé an-tapa ar fad agus níraibh a fhios agam cé a rinne céard agus le cén duine. Tá an iomarca carachtair sa scannán seo, dar liom.

Is é an rud a d'fhoghlaim mé ná na focail maslaí is measa as Gaeilge, seachas rud ar bith eile.

Eleanor O'Riordan

....................................................................................

Tá an scannán seo an-leadránach. Is é Máirtín O Cadhain an scríbhneoir. Ag tús an scannáin fuair Caitríona bás. Tá an scannán faoi bhás agus saol. Tá Caitríona an-searbh faoi Neil agus an chrois. Níor cheannaigh Pádraig a crois agus níl Caitríona suaimhneach. Ach ag deireadh an scannáin cheannaigh Pádraig a crois agus fuair Caitríona síocháin agus faoiseamh.

Tá an máistir scoile an-ghreannmhar. Dúirt sé go raibh a bhean ina raibiléara. Is fuath leis Billeachaí an Phosta.

Ag deireadh an scannáin dúirt Caitríona “Is fearr an troid ná an t-uaigneas”. Dúirt sí é seo nuair a bhí sí ina haonair.

I rith an scannáin bhí mé measctha suas. Bhí an scannán Cré na Cille mearbhlach agus amaideach i mo thuairim féin. I rith an scannáin, bhí leadrán orm. Thabharfainn aon realt as cúig don scannán Cré na Cille.

Ailbhe Dowling
 

 

Elena Hussey

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Eimear Byrne

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Sarah Disney

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Eithne Dodd

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Laura Madigan

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Georgia Ryan

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Isobel Gorey

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

Eleanor O'Riordan

Friday, 3rd February 2012 | 0 comments
Filed under: Léirmheastóireacht ar scannáin Ghaeilge.

© 2012 Meánscoil Notre Dame
  • Bóthar Bhaile an Teampaill Uachtarach Baile Atha Cliath 14 Address 3 Address 4
  • Phone: +353 1
  • Fax: +353 1
  • Email: eolas@clobeo.ie

Web Design by Webtrade

Search

Search - Use spaces to separate your keywords